Borg Léim an Mhadaidh - Iar-thuaisceart na h-Éireann

Borg Léim an Mhadaidh


Éide Armais Léim an Mhadaidh



Borg Léim an Mhadaidh suite ar Iar-thuaisceart na h-Éireann.

Suíomh Léim an Mhadaidh

Tagann an borg mór thimpeall ar ghleann thorthúil na Rua agus ar ghéag de na Spéiríní, teoranta ar an taobh ó thuaidh ag Loch Feabhail agus an t-Aigean Atlantach. Tá thart faoi dhá mhíle déag duine ina gcónaí sa phríomhbaile, Léim an Mhadaidh.

Is ainm Gaelach Léim an Mhadaidh, ar ndóigh, a thugann ar ais an seanscéal faoi'n mhadadh chlúiteach a léim thar an Rua chun rabhadh a thabhairt faoi amas gan choinne ag namhaid éigin.

'Newton-Limavady' ar an bhaile go dtí 1870. Tógadh agus bunadh ag Sir Thomas Phillips sa 17ú chéad é.

I measc na cathróiri a ba chlúitigh bhí Jane Ross, a scríobh síos an fonn The Derry Air (Danny Boy) nuair a chuala sí sean-fhidléir a sheinm ar an tsráid.
I Léim an Mhadaidh fósta a rugadh William Massey, príomhaire na Nua-Shéalainn ó 1912 go 1925 a bhfuil a dhealbh le feiceáil taobh amuigh de leabharlann agus oifigí chomhairle na buirge.

Dealbh William Massey     Dealbh William Massey

Seo thíos bailte eile sa cheantar:

  Dún Ghéimhin a bhfuil Prióireach Agaistíneach agus caisleán ann.

Is baile margaidh aoibhinn é Dún Ghéimhin, suite san áit a thagann an trí abhainn - an Rua, an Abhainn Réidh agus an Abhainn Bheag le chéile ag bun Binne Brádaigh, sliabh atá 1535 troighthe ar airde taobh le gearna mhór thaibhseach Ghleanna Sheáin mar a n-éiríonn an bóthar comh h-ard le míle troighthe ar a bhealach go Béal Feirsde.
Bunadh Prióireacht Dhún Ghéimhin sa bhliain 530 nó thart air sin agus ath-bhunadh ag na h-Agaistínigh sa bhliain 1100 A.D. í. taobh istigh inti tá tuama snoite Chumhaidh na nGall, taoiseach áitiúil a fuair bás sa bhliain 1385.

In aice le Dhún Ghéimhin tá gleann álainn Bheannchair, is gile le h-éaneolaí. Treoraíonn an ghleann seo - Gleann na Péiste an t-ainm ceart atá uirthi - suas chuig an taiscumar ag Alt na h-Eiglis, loch álainn i measc ns sléibhte agus foraoisí ar gach taobh de.

Caisleán Dhún Ghéimhin      Picture of Dungiven Castle

   Baile uí Cheallaigh ina bhfuil cuid de na foirgnimh is suimiúla tógtha ag Comhlachtaí na Plandála i gCúige Uladh le feiceáil ann.

Idir Léim an Mhadaidh agus Baile uí Cheallaigh tá 'Rough Fort', - An Ráth mar is ceart - dún créthógtha réamhstairiúil atá faoi chúram an National Trust. In aice leis sin tá Sampson's Tower, foirgneamh daingníthe tógtha mar chuimhneachán ar Arthur Sampson, a bhí ina stiobhard ag an London Fishmonger's Company le daichead bliain. Díoladh as an leacht chuimhneacháin seo ag síntiús phoiblí.

   Tá sráidbhailte agus gráigranna eile sa bhorg fosta Áthán Lú, Baile an Mhargaidh, An Buaile, Bun na h-Abhann, Droim an Soirn, Fineadha, An Ghlac, Gort an Átha, Craos a Taoille, agus Mágh na Rua.

Áiteacha spéisiúla:

Trá agus Ionaid Taistil Bhuin na h-Abhann.
Is trá álainn, Trá Bhuin na h-Abhann a bhfuil an 'Brat Gorm' aici, cuid de'n trá is fuide in Éirinn, Trá Mhic Ghiollagáin.

   Trá Bhuin na h-Abhann               Trá Bhuin na h-Abhann

In Ionaid Taistil Bhuin na h-Abhann tá machaire (cúrsa) gailf naoi bpoll, cúirteanna leadóige, clós carbhán, fáiche bollaí, réimse súgartha, srl.

Ionaid Bhuin na h-Abhann       Ionaid Bhuin na h-Abhann





              

 Website Design & Launch at Reasonable Prices




LINKS


Internet Translator (tm) can
 translate single words, phrases, sentences and entire web pages.
Translation into Portuguese, Brazilian Portuguese, German, Dutch, Latin American Spanish, European Spanish, French, Danish, Finnish, Icelandic, Italian, Norwegian, Swedish, Russian, Croatian, Hungarian, Polish, Czech, Serbian (Latin), Slovenian, Greek.